Le teacht i gceann sé seachtaine!

12 Lúnasa 2019

Le teacht i gceann sé seachtaine!
Seolfar na portráidí nua (2019) ag ócáid mhór liteartha phoiblí i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an 1 Deireadh Fómhair

Seolfar na portráidí nua (2019) ag ócáid mhór liteartha phoiblí i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an 1 Deireadh Fómhair

Tá cuid mhaith ag tarlú faoi láthair i dtionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge/portraidi.ie. Tá breis feidhmiúlachtaí á cur leis an láithreán gréasáin go luath anuas ar an réiteach deireanach ar phortráidí Ghrúpa 3 (2019) de Chéim 2 den tionscadal.

I measc na hoibre:

- Tá ballchríoch á cur le portráidí nua den ochtar sa tríú grúpa (Grúpa 2019) i gCéim 2 den tionscadal; cuimsítear Catherine Foley, Alex Hijmans, Úna Nic Éinrí, Réaltán Ní Leannáin, Pádraig Ó Baoighill, Liam P. Ó Murchú, Derry O'Sullivan agus Máire Zepf sa ghrúpa seo.

- Go luath, cuirfear feidhmiúlachtaí breise le hiontrálacha portráide an tsuímh chun méadú ar líon an eolais, agus an tslí gur féidir na portráidí a chuardach agus a scagadh ar chúinsí éagsúla;

- Seolfar na portráidí nua Dé Máirt 1 Deireadh Fómhair 2019 ag imeacht speisialta phoiblí, i bpáirt le hOireachtas na Gaeilge, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath tráth a fhógrófar Grúpa 2020, an chéad bhuíon scríbhneoirí eile i gCéim 2.

- Tá tús curtha leis an mír nua oibre Portráidí don Oideachas, áit a chuirfear leaganacha úra oiriúnaithe d'iontrálacha na bPortráidí ar fáil d'úsáideoirí ag gach leibhéal foghlama don chóras oideachais.